Rang 5: Lá Spraoi le Coláiste Mhuire
-
By: Grace Nic An Rí
-
May 20, 2026
Bhí lá iontach ag Rang 5 an seachtain seo chaite i gColáiste Mhuire, An Chabrach. Go raibh míle maith agaibh ar fad i gColáiste Mhuire as ucht an Lá Spraoi!
Rang a 5 Mata sa Ghrian
-
By: Grace Nic An Rí
-
May 1, 2026
Bhain Rang a 5 an-taitneamh as an aimsir álainn a bhí againn an seachtain seo. D’úsáid siad a scileanna Mata amuigh ar an gcuairt cispheile agus iad ag foghlaim faoi cruthanna, fad agus achar. Breathnaigí orthu ag obair! Maith sibh a pháistí!
Bua ag an Cailliní
-
By: Pádraig DeRoiste
-
April 24, 2026
Bhí lá iontach spóirt againn nuair a d’imir cailíní na scoile cluiche corraitheach in aghaidh Dún Seachlainn. Bhí atmaisféar den scoth ann agus bhí gach duine ar bís roimh an gcluiche mór. Thaispeáin ár gcailíní scil, misneach agus spiorad foirne ón gcéad nóiméad go dtí an fheadóg dheireanach. Bhí cluiche den scoth againn agus d’éirigh […]
Crann ag fás
-
By: Pádraig DeRoiste
-
April 24, 2026
An tseachtain seo chuaigh gach rang amach chun píosa oibre a dhéanamh sa ghairdín scoile agus chun crainn nua a chur síos. Bhí sceitimíní ar na páistí ar fad mar bhí siad ag cabhrú leis an scoil agus leis an timpeallacht ag an am céanna. Bhí an aimsir go deas agus bhí fonn oibre ar […]
Bleaist Eolaíochta RDS 5/03/26
-
By: Liam
-
March 5, 2026
Bhí an-spraoi ag páistí Rang 3 agus Rang 5 inniu ag an mBleaist Eolaíochta! Seo Montage de na pictiúir agus na físeáin a tógadh i rith an lae ó ranganna 5 Liam agus Grace. Chruthaigh Múinteoir Liam vlog dá rang i rith an lae chun léargas a thabhairt ar an gcineál lae a bhíonn ann. […]
Peil le Lochlann, Caragh agus Daniel!
-
By: Niamh de Brún
-
November 14, 2025
Dia dhaoibh ó Lochlann, Daniel agus Caragh. Bhí cluichí an-deacair againn suas go dtí an cluiche ceannais. Bhí an chéad cluiche le haghaidh na buachaillí agus na caillíní in aghaidh Gaelscoil Droichead Átha. Bhí cluiche iontach ag gach duine ach faoi deireadh, sleamhnaigh an cluiche as lámha an foireann eile i gcluiche na mbuachaillí agus […]
Nuacht Rang 3- 6 ón tseachtain seo!
-
By: Niamh de Brún
-
November 14, 2025
Tá go leor nuacht ag gach duine an tseachtain seo. Tháinig an fhoireann camógaíochta isteach inniu leis an gcorn. Bhí sé go hiontach! Tá siad ag imirt i gcluiche leathcheannais ar an 29ú mí na Samhna i gCionn Átha Gad. Bígí ann chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann! Go n-éirí libh ó na páistí i […]
Spike Lego i Rang Liam agus Niamh
-
By: Niamh de Brún
-
September 29, 2025
Tá Rang 5 Liam agus Rang 6 Niamh ag baint an-taitneamh as Spike Lego i mbliana. Bhí an t-ádh orainn gur cheannaigh ár scoil ocht mbosca Spike Lego do na daltaí. Tá na páistí i Rang Liam agus Niamh gnóthach ag tógáil agus ag códú mar chuid de STEM.
Scoláirí agus Gaeilgeoirí na Seachtaine!
-
By: Niamh de Brún
-
September 9, 2025
Maith sibh gach duine a fuair gradam an tseachtain seo- ba choir go bhfuil sibh an-bhródúil asaibh féin!
Tús iontach do pheil Gaelach i nGaelscoil Thulach na nÓg!
-
By: Niamh de Brún
-
September 9, 2025
Bhí cluichí iontach ar siúl i St. Colmchilles inniu in aghaidh Gaelscoil an Bhradáin Feasa do na buachaillí agus cailíní. D’imir siad go hiontach agus níor stop siad ó thús an chluiche. D’éist gach imreoir go cúramach lena gcaptaen Lochlann agus Caragh agus bhí an bheirt acu ar fheabhas mar cheannairí inniu. Maith sibh!


