Stair na scoile
Bunaíodh Gaelscoil Thulach na nÓg i 1998 ar suíomh club na gasóga i nDún Búinne. Bhogamar go dtí an suíomh ar bhóthar Rúisc i 2007. I 2016 bhogamar isteach in ár foirgneamh nua. Tá sé déag seomra ranga ann, ceithre sheomra tacaíochta, oifigí agus tri clós imeartha. Tá gach uile áis againn sa scoil nua!
Faoi láthair tá 365 daltaí sa scoil, trí rang uathachas agus 26 múinteoir. Tá 11 cúntóir riachtanais speisialta againn.
History of the school
Gaelscoil Thulach na nÓg was founded in 1998 on the site of the scouts’ club in Dunbúinne. We moved to the site on Shannon road in 2007. In 2016 we moved into our new building. There are sixteen classrooms, four support rooms, offices and three playgrounds. We have every facility in the new school!
There are currently 365 pupils in the school, three autism classes and 26 teachers. We have 11 special needs assistants.
Amhrán na Scoile
Bímid ag spórt is bímid ag spraoi
Bímid ag súgradh ‘s ag imirt cluichí
Bímid ag magadh anois is arís
I nGaelscoil Thulach na nÓg
Cúrfa
Bímid ag léamh is bímid ag scríomh
Bímid ag foghlaim le cabhair na n-oidí
Bímid ag obair le fonn agus brí
I nGaelscoil Thulach na nÓg
Cúrfa
Beir do mhála, beir do lón
Beir ar do chota ‘s amach linn sa chlós
Seo linn ar aghaidh gan a thuilleadh agó
Go Gaelscoil Thulach na nÓg
Cúrfa
Ó Gaelscoil Thulach na nÓg
Gaelscoil Thulach na nÓg
Ó Gaelscoil Thulach na nÓg
Gaelscoil Thulach na nÓg
Mantra na Scoile
Táim Tábhachtach
Táim tabhachtah – Is fíor é
Na bí ag magadh fúm is ná hinis dom imeacht
Táim mar chuid den áit seo, díreach cosúil leatsa
B’fheidir go bhfuilim difriúl, ach tá tusa leis!
Táímid ar fad difriúil, gan aon bheirt mar an gcéanna.
Ná fág amach mé as do chluiche
Má táim ramhar no tánaí.
Ní cheart mé a fhágaint ar lár
Má táím dorcha no geal,
Níl níos mó cearta agatsa
Is mar a chéile sinn i súile Dé
Fir, mná, cailíní is buachaillí
Is páistí De sinn – nach bhfuil sé sin soiléir?
Bíodh tusa mar atá, is beidh mise mar atáim