Comhairle na nDaltaí
-
By: Pádraig DeRoiste
-
October 6, 2026
Toghcháin do Chomhairle na nDaltaí i Ranganna a 3-6 Le linn an mhí seo caite, bhí an-spleodar ar fud na scoile agus toghcháin á reáchtáil do Chomhairle na nDaltaí i measc dhaltaí Rang a Trí go Rang a Sé. Ar dtús, tugadh cuireadh d’aon duine ar mhaith leo seasamh don Chomhairle a n-ainm a […]
Podcraoladh Seachtain 4 – Slán Caitríona
-
By: Liam
-
June 26, 2026
Podchraoladh gairid an tseachtain seo chun deireadh na scoilbhliana a cheiliúradh. Inniu, thug muid slán lenár gCúntóir Riachtanas Speisialta le seirbhís is faide sa scoil. D’oibrigh Caitríona anseo ar feadh 21 bliain, agus bhí sí chomh cineálta sin gur shuigh sí síos leis na páistí chun labhairt leo don phodchraoladh ar a lá deireanach. Go […]
Rang 5 Grace mar ailtire agus mar thógálaí!
-
By: Grace Nic An Rí
-
June 19, 2026
Is aoibhinn le Rang 5 Grace ETIM! D’oibrigh Rang a 5 mar ailtire agus mar thógálaí agus iad ag obair le cruthanna 3T. Thógáil siad 3 mhúnla den scoil. Maith sibh Rang a 5! Breathnaigí ar an sár-obair a bhí déanta acu!
Podcraoladh GTÓ 2 – Le haoi speisialta, Máistir Seán
-
By: Liam
-
June 12, 2026
Fáilte go dtí an dara seachtain de phodchraoladh na scoile. Ar an gclár inniu, tá neart nuachta againn daoibh, lena n-áirítear agallamh le príomhoide na scoile, Máistir Seán.
Turas scoile – Rang 3 Ross
-
By: Ross Banahan
-
June 8, 2026
Ar an 28ú Bealtaine, chuaigh Rang a Trí go Páirc Emerald ar a dturas scoile. Bhain na páistí an-taitneamh as na rothairí agus as na nithe spéisiúla ar fad sa pháirc. Bhí an t-ádh linn leis an aimsir agus d’fhan sé tirim i rith an lae. Bhí go leor spraoi, gáire agus sceitimíní ann ó […]
Podcraoladh GTÓ 1
-
By: Liam
-
June 5, 2026
Beidh eipeasóid nua de phodchraoladh Rang a Cúig á craoladh gach Aoine go dtí deireadh na bliana. Bainigí taitneamh as!
Rang 5: Lá Spraoi le Coláiste Mhuire
-
By: Grace Nic An Rí
-
May 20, 2026
Bhí lá iontach ag Rang 5 an seachtain seo chaite i gColáiste Mhuire, An Chabrach. Go raibh míle maith agaibh ar fad i gColáiste Mhuire as ucht an Lá Spraoi!
Ealaín leis na naíonáin
-
May 1, 2026
Bhí rang múinteoir Fionnuala ag obair go dian ar maidin. Chruthaigh siad beacha álainn agus bhain siad úsáid as neart dathanna deasa. Bhí na gasúir thar a bheith sásta leis an obair a rinne siad.


