-
By: Pádraig DeRoiste
-
October 6, 2026
Comhairle na nDaltaí
Toghcháin do Chomhairle na nDaltaí i Ranganna a 3-6
Le linn an mhí seo caite, bhí an-spleodar ar fud na scoile agus toghcháin á reáchtáil do Chomhairle na nDaltaí i measc dhaltaí Rang a Trí go Rang a Sé.
Ar dtús, tugadh cuireadh d’aon duine ar mhaith leo seasamh don Chomhairle a n-ainm a chur isteach lena rang féin. Bhí líon maith iarrthóirí ann i ngach rang, rud a léirigh go raibh fonn ar na daltaí páirt a ghlacadh i gcúrsaí na scoile agus a nguth féin a chloisteáil.
Ina dhiaidh sin, fuair gach iarrthóir deis óráid ghairid a thabhairt os comhair a rang féin, ag míniú cad a dhéanfaidís dá dtoghfaí iad agus cén fáth ar cheart do na daltaí eile vótáil ar a son.
Nuair a bhí gach vóta caite, rinneadh na vótaí a chomhaireamh go cúramach. Bhí áthas an domhain ar na daltaí a toghadh
Beidh ionadaithe nua na Comhairle freagrach as guth na ndaltaí a thabhairt chun solais ag cruinnithe rialta, agus as cabhrú le cinntí a dhéanamh a bhaineann le saol na scoile. Is deis iontach é seo do na daltaí scileanna ceannaireachta, cumarsáide, agus freagrachta a fhorbairt.
Ár chéad cruinniu Creative Clusters
Ar dtús, shiúil muid go dtí Scoil Náisiúnta Dhún Búinne, agus bhí Scoil Náisiúnta Naomh Peadar ansin freisin, le Gaelscoil Thulach na nÓg. Chuaigh muid go dtí an halla agus shuigh muid síos i gciorcal, agus rinne muid cluiche chun eolas a fháil faoi gach duine. Ansin rinne muid grúpaí de sheachtar. Ina dhiaidh sin, rinne muid cluiche comhoibrithe. Sa deireadh, dúirt muid slán le gach duine. Ansin fuair muid milseáin, agus shiúil muid ar ais go dtí an scoil.



