-
By: Pádraig DeRoiste
-
April 24, 2026
Bua ag an Cailliní
Bhí lá iontach spóirt againn nuair a d’imir cailíní na scoile cluiche corraitheach in aghaidh Dún Seachlainn. Bhí atmaisféar den scoth ann agus bhí gach duine ar bís roimh an gcluiche mór. Thaispeáin ár gcailíní scil, misneach agus spiorad foirne ón gcéad nóiméad go dtí an fheadóg dheireanach.
Bhí cluiche den scoth againn agus d’éirigh leis an bhfoireann bua iontach a fháil. Ba é an scór deiridh ná trí chúl agus trí chúilín in aghaidh cúl amháin. D’imir na cailíní go hiontach ar fud na páirce agus thug siad a ndícheall ar fad. Fuair Aoibhe Linn, Maeibh agus Emma cúl an duine, rud a chuir áthas mór ar an lucht tacaíochta. Bhí cosaint láidir againn chomh maith agus d’oibrigh gach imreoir go dian dícheallach don fhoireann.
Caithfear moladh mór a thabhairt don bhainisteoir Fionnuala a d’eagraigh agus a d’ullmhaigh an fhoireann chomh maith sin. Bhí sí iontach spreagúil agus thug sí misneach do na himreoirí ar fad.
Bhí iontas agus áthas ar gach duine nuair a bhí Brian Fenton i láthair freisin. Thug sé tacaíocht don dá fhoireann agus spreag sé na himreoirí lena láithreacht. Bhí sé deas duine cáiliúil spóirt a fheiceáil ann. Lá iontach a bhí ann do gach duine.


