-
By: Pádraig DeRoiste
-
April 24, 2026
Crann ag fás
An tseachtain seo chuaigh gach rang amach chun píosa oibre a dhéanamh sa ghairdín scoile agus chun crainn nua a chur síos. Bhí sceitimíní ar na páistí ar fad mar bhí siad ag cabhrú leis an scoil agus leis an timpeallacht ag an am céanna. Bhí an aimsir go deas agus bhí fonn oibre ar gach duine.
Ar dtús tháinig na páistí ó na naíonáin bheaga – Sé, Fionn, Ailadh agus Emma. Rinne siad obair iontach agus bhí siad an-chúramach leis an ithir agus leis na plandaí beaga. Ansin tháinig páistí ó na naíonáin mhóra – Michael, Cloda, Alfie agus Jack. Bhí suim mhór acu sa ghairdín agus d’oibrigh siad go dian dícheallach.
Ina dhiaidh sin tháinig daltaí ó Rang a hAon, Síofra agus Owen, agus ansin daltaí ó Rang a Dó, Charlie, Emma agus Faye. Bhí siad an-chabhrach agus rinne siad jab den scoth. Tháinig Louis agus Maia ó Rang a Trí agus bhí siad thar barr ag tochailt agus ag cur na gcrann síos. Ansin tháinig Matthew agus Teagan ó Rang a Ceathair agus bhí siad an-láidir ag iompar na n-uirlisí.
Bhí Oran, Fia agus Emma ó Rang a Cúig páirteach freisin, chomh maith le Daniel ó Rang a Sé. Chabhraigh siad leis na páistí eile agus rinne siad obair den chéad scoth. Bhí lá iontach againn agus tá an scoil níos áille anois leis na crainn nua.
Bhí daltaí Rang a Sé ar fheabhas ar fad i rith an lae agus thug siad cúnamh mór leis an obair sa ghairdín. Ba iad a d’eagraigh an lá ó thús deireadh agus rinne siad cinnte go raibh gach rud réidh sular thosaigh na ranganna eile. Shocraigh siad na spáidí, na cannaí uisce agus na huirlisí eile ionas go mbeadh gach rud in ord agus sábháilte do gach duine.
Le linn an lae, thug siad treoir do na daltaí níos óige agus léirigh siad dóibh conas na crainn a chur síos i gceart. Bhí siad foighneach, cineálta agus an-chabhrach leis na páistí eile. Nuair a bhí an obair déanta, chuir siad gach rud i gcrích agus ghlan siad an áit go néata.
Gabhaimid buíochas mór freisin le Máistir Seán a thug na crainn isteach don scoil. Gan a chabhair agus gan obair Rang a Sé, ní bheadh an lá chomh rathúil céanna. Bhí siad iontach freagrach agus ba shampla den scoth iad do gach duine eile sa scoil.


