Lá Domhanda na Leabhar i Naíonáin Bheaga
-
March 10, 2025
Bhí lá álainn againn ar an Aoine agus bhíomar go léir gléasta suas go deas i gcomhair Lá Domhanda na Leabhar. Thóg na páistí go leor leabhair isteach leo agus bhí ar Mhúinteoir Pamela go leor scéalta a léamh! Maith thú a pháistí!
Lá na bPancóg agus Scipeáil
-
March 10, 2025
Bhí am iontach againn i Naíonáin Bheaga an tseachtain seo chaite le pancóga ar lá na bpancóg agus scipeáil chomh maith! Bhain na páistí an taitneamh as!
Sacair – Tús iontach do Sheachtain na Gaeilge!
-
By: Niamh de Brún
-
March 5, 2025
Bhí am iontach ag gach rang ag obair ar a scileanna sacair le Eoin an tseachtain seo chaite! Chuireamar tús luath le Seachtain na Gaeilge le ceardlann sacar do gach rang le Eoin. Bhí Eoin ina chóitseálaí le Shamrock Rovers agus bhí sé go hiontach! D’fhoghlaimíomar a lán uaidh agus bhain gach rang an-sult as!
Oíche Shamhna i nGaelscoil Thulach na nÓg 2024
-
November 7, 2024
Níor chuir an droch aimsir isteach orainn ar chor ar bith ar an lá deireanach den téarma seo! Bhí mórshiúl na Samhna iontach againn sa scoil agus bhí na páistí ar fad gléasta suas. Tháinig go leor tuismitheoirí go dtí an scoil chun na feistis ar fad a fheiceáil. Bhain gach duine ard-taitneamh as an […]
An Fómhar i Naíonáin Bheaga
-
October 9, 2024
Tá an fómhar linn i Rang Pamela! Bhíomar ag foghlaim faoi duilleoga, ainmhithe agus an aimsir i rith an fhómhair agus is saineolaithe muid anois. Chuamar ar siúlóid dúlra sa choill agus bhí am iontach againn. Chonaiceamar go leor duilleoga agus crainn. Rinneamar ealaín álainn, cosúil le gráinneog, iora rua agus madra rua, freisin. […]
Tionól na Maidine
-
By: Anne Marie Brady
-
October 4, 2024
Bhí ár gcéad tionól ag Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon inniu. Bhí na páistí ag foghlaim faoi lón sláintiúil agus bhíomar ag ceiliúradh na breithlaethanta mí Meán Fómhair. Comhghairdeas le scoláirí agus Gaeilgeoirí na seachtaine! Ag an deireadh bhí Rang a hAon Ciara & Deirdre ag canadh amhráin dúinn, ‘An bhfaca tú […]