Lá glas i Rang Pamela
-
March 13, 2026
Chríochnaíomar Seachtain na Gaeilge le Lá Glas inniu i Rang Pamela. Bhí na páistí go hálainn agus sásta ina n-éadaí glasa don lá. Bhíomar ag damhsa sa seomra chomh maith.
Lá Domhanda na Leabhar i Naíonáin Bheaga
-
March 10, 2025
Bhí lá álainn againn ar an Aoine agus bhíomar go léir gléasta suas go deas i gcomhair Lá Domhanda na Leabhar. Thóg na páistí go leor leabhair isteach leo agus bhí ar Mhúinteoir Pamela go leor scéalta a léamh! Maith thú a pháistí!
Lá na bPancóg agus Scipeáil
-
March 10, 2025
Bhí am iontach againn i Naíonáin Bheaga an tseachtain seo chaite le pancóga ar lá na bpancóg agus scipeáil chomh maith! Bhain na páistí an taitneamh as!
An Fómhar i Naíonáin Bheaga
-
October 9, 2024
Tá an fómhar linn i Rang Pamela! Bhíomar ag foghlaim faoi duilleoga, ainmhithe agus an aimsir i rith an fhómhair agus is saineolaithe muid anois. Chuamar ar siúlóid dúlra sa choill agus bhí am iontach againn. Chonaiceamar go leor duilleoga agus crainn. Rinneamar ealaín álainn, cosúil le gráinneog, iora rua agus madra rua, freisin. […]


