-
By: Pádraig DeRoiste
-
November 16, 2026
Domhan Draíochta na hÉolaíochta
Domhan Draíochta na hEolaíochta
Tá áthas an domhain ar Chomhairle na nDaltaí a fhogairt go mbeidh Aonach Eólaíochta againn i mbliana. Cuirfear fáilte roimh gach dalta ó gach rang páirt a ghlacadh san Aonach agus bronnfar teastas ag gach scoláire a ghlacann páirt. Tá liosta de roinnt rogha fairsing tionscadail gur féidir leis na daltaí tabhairt faoi le feiceáil sa tábla thíos.Más maith leat do rogha fhéin a dhéanamh , lean ar aghaidh. Is féidir úsáid a bhaint as aon ábhair gur mian leis na daltaí chun a tionscadail a léiriú, ar nós ealaíon, ceol, mata , scratch, python blocks, lego , spike , sketch up srl.
Tá an Aonach seo á eagrú mar chuid de Sheachtain na hEolaíochta 2026.
Iarrtar ar na daltaí ar mian leo páirt a ghlacadh san Aonach, a tionscadail a thabhairt isteach chuig an scoil ar an Aoine 27 Samhain. Beimid thar a bheith buíoch do na tuismitheoirí tacú leis na daltaí agus iad ag tabhairt faoi na tionscadail. Is deis iontach í seo na páistí a spreagadh ina saol eolaíochta.
| NS+ NS | Rang 1,2 | Rang 3,4 | Rang5,6 | Tír na nÓg | |
| Dúile beo | An Séasúr is Fearr Liom
. |
Conas a D’fhás Mé ó Bhí Mé i mo Naíonán | Cruthaigh Teach d’Fheithidí | Déan plean do gairdín na scoile | Na duilleoga ag titim |
| Fuinneamh agus fórsaí > Fórsaí | An Foirgneamh is Fearr Liom i nDún Búinne | Fill agus Eitilt – Eitleán Déanta as Páipéar | Gluaisteán Leictreach v Gluaisteán Peitril – Tionscadal Eolaíochta | Déan cóip den droichead is fearr leat in Éirinn | Meascadh péint |
| Ábhair > Airíonna agus tréithe ábhar | An planda is fearr liom sa ghairdín. | Cruthaigh do chluiche boird féin. | Cluthar- Bróg nua chompordach | ainmhithe a chuidíonn go mór le daoine | Ag luascadh sa luascán |
| Feasacht agus cúram imshaoil >Feasacht imshaoil >
|
An blath is fearr liom | Tarraing agus Ainmnigh na Bláthanna atá ag Fás Faoi Láthair | Déan suirbhé ar an bhféile is fearr le daoine gach bliain | Bád –Ón gCurrach go dtí an Titanic. | An ainmhí is fearr liom |
Is Féidir leat do rogha féin a dhéanamh ar ábhar eolaíochta freisin , más maith leat .


