-
By: Pádraig DeRoiste
-
November 9, 2025
Domhan Draíochta na hEolaíochta
Domhan Draíochta na hEolaíochta
Tá áthas an domhain ar Chomhairle na nDaltaí a fhogairt go mbeidh Aonach Eólaíochta againn i mbliana. Cuirfear fáilte roimh gach dalta ó gach rang páirt a ghlacadh san Aonach agus bronnfar teastas ag gach scoláire a ghlacann páirt. Tá liosta de roinnt rogha fairsing tionscadail gur féidir leis na daltaí tabhairt faoi le feiceáil sa tábla thíos.Más maith leat do rogha fhéin a dhéanamh , lean ar aghaidh. Is féidir úsáid a bhaint as aon ábhair gur mian leis na daltaí chun a tionscadail a léiriú, ar nós ealaíon, ceol, mata , scratch, python blocks, lego , spike , sketch up srl.
Tá an Aonach seo á eagrú mar chuid de Sheachtain na hEolaíochta a bheidh ar siúl ó 10-14 Samhain 2025.
Iarrtar ar na daltaí ar mian leo páirt a ghlacadh san Aonach, a tionscadail a thabhairt isteach chuig an scoil ar an Aoine 14 Samhain. Beimid thar a bheith buíoch do na tuismitheoirí tacú leis na daltaí agus iad ag tabhairt faoi na tionscadail. Is deis iontach í seo na páistí a spreagadh ina saol eolaíochta.
| NS+ NS | Rang 1,2 | Rang 3,4 | Rang5,6 | Tír na nÓg | |
| Dúile beo | Na cúig Céadfaí- cé acu is fearr liom
Cloisteáil Feiceáil Bolú Mothú Blaiseadh |
Na hathruithe a tháinig orm nuair a thosaigh mé an scoil | Cruthaigh
Teach feithidí |
Róbat a chruthú a bheadh in ann m’obair bhaile a dhéanamh | Na duilleoga ag titim |
| Fuinneamh agus fórsaí > Fórsaí | Cruthaigh mapa ó do theach go dtí an scoil | Stoca gaotha rinne mé | An gnó eolaíochta is fearr liom in Eireann | Bád a dhéanamh | Meascadh péint |
| Ábhair > Airíonna agus tréithe ábhar | An crann is fearr liom is cén fáth | Cloch ,páipear , siosiúr – céard é an ceann is fearr | Ag cruthú leaba don todhchaí | Cé acu is fearr don domhain – cat ,madra nó capall | Ag luascadh sa luascán |
| Feasacht agus cúram imshaoil >Feasacht imshaoil >
|
An áit is fearr liom i Dún Búinne | Dialann dulra– na bláthanna atá ag fás faoi láthair | Déan cluiche /léarscáil ar an imshaol nádúrtha i Gaelscoil Thulach na nÓg | An feithid is fearr liom | An ainmhí is fearr liom |
Is Féidir leat do rogha féin a dhéanamh ar ábhar eolaíochta freisin , más maith leat .
Domhan Draíochta na hEolaíochta
Comhairle na nDaltaí is proud to announce our Science Fair for this year. Every child will have the opportunity to take part and each child who displays at the fair will recieve a certificate. Children can choose from a wide range of topics as set out in the table below. The children can use art, music, mathematics etc to add to their entry. The Science Fair is being organised as part of Science Week which runs from 10-14 th November. The children will be asked to bring in their science projects on Friday 14 of November. To make this project a success, we kindly ask for your support and involvement. Your guidance and assistance will be invaluable in helping your child bring their ideas to life and ensuring they have a fun and educational experience.
The children may pick their own topic , if you like .


