Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig
-
By: admin_gt
-
March 19, 2025
Bhí lá iontach againn agus muid ag glacadh páirt i mórshiúl do Lá Fhéile Pádraig inár scoil. Míle buíochas as na tuismitheoirí go léir a thug cabhair dúinn an lá spéisialta seo a cheiliúradh.
Rang a 2 Cliona Lá Fhéile Pádraig
-
By: admin_gt
-
March 19, 2025
Mórshiúl le críoch a chur le Seachtain na Gaeilge 2025 Rang Chlíona
Ióga le Múinteoir Bláthna
-
By: admin_gt
-
March 19, 2025
Rang a 2 Cliona agus Rang a 3 Katie ag baint sult as Ióga le Múinteoir Bláthna i rith Seachtain na Gaeilge.
Lá Domhanda na Leabhar i Naíonáin Bheaga
-
March 10, 2025
Bhí lá álainn againn ar an Aoine agus bhíomar go léir gléasta suas go deas i gcomhair Lá Domhanda na Leabhar. Thóg na páistí go leor leabhair isteach leo agus bhí ar Mhúinteoir Pamela go leor scéalta a léamh! Maith thú a pháistí!
Lá na bPancóg agus Scipeáil
-
March 10, 2025
Bhí am iontach againn i Naíonáin Bheaga an tseachtain seo chaite le pancóga ar lá na bpancóg agus scipeáil chomh maith! Bhain na páistí an taitneamh as!
Sacair – Tús iontach do Sheachtain na Gaeilge!
-
By: Niamh de Brún
-
March 5, 2025
Bhí am iontach ag gach rang ag obair ar a scileanna sacair le Eoin an tseachtain seo chaite! Chuireamar tús luath le Seachtain na Gaeilge le ceardlann sacar do gach rang le Eoin. Bhí Eoin ina chóitseálaí le Shamrock Rovers agus bhí sé go hiontach! D’fhoghlaimíomar a lán uaidh agus bhain gach rang an-sult as!
Mindfulness
-
By: admin_gt
-
February 13, 2025
Páistí Rang a 2 Clíona a ghlac páirt i “Mindfulness workshop ” ar scoil a bhí an- taitneamhach. Bhain na teidí sult as chomh maith!!
-
By: admin_gt
-
February 13, 2025
Comhghairdeas le Mabel, Elsie, Hannah agus Siún a fuair teastas cré umha ós rud é go bhfuil an chéad leabhar stampaí líonta acu. Maith sibh a chailíní.


