Peil Ghaelach le Rang 3 agus 4
-
By: Katie O'Brien
-
November 27, 2025
Chuireamar fáilte inniu roimh ghrúpa de dhaltaí na hIdirbhliana ón meánscoil, a chuir seisiún iontach peil Ghaelach ar fáil do dhaltaí rang 3 agus 4. Ón tús, bhí na páistí ar bís le foghlaim óna gcóitseálaithe. Rinne na páistí druileanna spraíúla, agus gníomhaíochtaí simplí ag díriú ar pasáil láimhe, ciceáil agus obair foirne. Bhí daltaí […]
Comórtas Mumaí
-
By: Ross Banahan
-
October 26, 2025
Ghlac Rang 3 Ross páirt i gcomórtas sa seomra ranga. . Bhain gach duine an-taitneamh as. Oíche Shamhna shona daoibh go léir!
Mórshiúl na Samhna
-
By: anichearnaigh
-
October 24, 2025
Bhí lá iontach ag na páistí go léir inniu agus iad gléasta suas. Maith sibh uilig.
Turgnamh le Skittles
-
October 24, 2025
Ghlac rang Fionnuala páirt i dturgnamh eolaíochta an tseachtain seo. Bhain siad úsáid as uisce te agus Skittles. Bhí siad ag breathnú ar na dathanna álainn ag teacht amach ar an bpláta. Rinne siad an-obair go deo!
Emma Duggan – Self Help Africa
-
By: anichearnaigh
-
October 17, 2025
Bhronn páistí na scoile €1,130 ar Emma Duggan do Self Help Africa. Tá sí fíorbhuíoch as na tuismitheoirí go léir.
Spike Lego i Rang Liam agus Niamh
-
By: Niamh de Brún
-
September 29, 2025
Tá Rang 5 Liam agus Rang 6 Niamh ag baint an-taitneamh as Spike Lego i mbliana. Bhí an t-ádh orainn gur cheannaigh ár scoil ocht mbosca Spike Lego do na daltaí. Tá na páistí i Rang Liam agus Niamh gnóthach ag tógáil agus ag códú mar chuid de STEM.
Cuairteoirí Speisialta!
-
May 27, 2025
Bhí an t-ádh linn! Tháinig bainisteoir fhoireann na Mí go dtí an scoil ar an Déardaoin chun buíochas a ghabháil as an tacaíocht a fuair an fhoireann sa chraobh! Shínigh Robbie Brennan go leor geansaithe dúinn! Ansin, tháinig foireann camógaíochta Dhún Búinne chun an corn a bhuaigh siad thaispeáint dúinn! Dúirt siad go mbeidh siad […]
Craobh Cispheile le Caitriona!
-
By: Niamh de Brún
-
May 13, 2025
Bhí lá iontach ag foireann na mbuachaillí agus foireann na gcailíní in Oblate Basketball Arena ar an 7ú Bealtaine. Bhí craobh ag foireann na gcailíní agus foireann na mbuachaillí in aghaidh Shellybanks ETNS. Bhuaigh na buachaillí 48-11 agus bhuaigh na cailíní 12-9. Bhí lá iontach ag an scoil. Go raibh míle maith agat a Chaitríona […]
An Cháisc
-
April 10, 2025
Tá muid ag súil go mór don Cháisc anseo i rang múinteoir Fionnuala. An tseachtain seo bhí muid ag obair go crua chun ealaín na Cásca a chuir le chéile. Dé Máirt seo caite chuaigh muid ar shiúlóid álainn sa choill. Bhain na gasúir an-taitneamh as an lá. Bíodh briseadh álainn agaibh! … We are […]


