Briogáid Dóiteáin
-
By: Ross Banahan
-
March 3, 2026
Tháinig an briogáid dóiteáin chuig Gaelscoil Thulach na nÓg an tseachtain seo caite. Mhúin siad do na páistí faoi thábhacht sábháilteacht dóiteáin sa bhaile. Bhí áthas an domhan orthu leis an leabhar faoi shábháilteacht dóiteáin a fuair siad agus na gníomhaíochtaí a rinne siad leo.
Lá na Seantuismitheoirí
-
By: Anne Marie Brady
-
March 3, 2026
Bhí lá den chéad scoth againn i nGaelscoil thulach na nÓg le lá na Seantuismitheoirí an Chéadaoin seo caite. Bhí tionscnamh iontach déanta ag an chuid is mó do na páistí i rang a haon agus rinne siad taispeántais deas leo. Thosaigh rang a haon an lá le paidir do na Seantuismitheoirí nach bhfuil fós […]
Tráth na gCeist Credit Union
-
By: Niamh de Brún
-
February 18, 2026
Bhí oíche iontach ag na páistí ó Rang Katie, Pádraig agus Niamh ar an Luan seo chaite don tráth na gceist. Bhí seacht bhfoireann ag an scoil agus d’éirigh go hiontach leo. Tá an scoil agus pobal na scoile an-bhródúil astu. Maith sibh a pháistí!
Peil Ghaelach le Rang 3 agus 4
-
By: Katie O'Brien
-
November 27, 2025
Chuireamar fáilte inniu roimh ghrúpa de dhaltaí na hIdirbhliana ón meánscoil, a chuir seisiún iontach peil Ghaelach ar fáil do dhaltaí rang 3 agus 4. Ón tús, bhí na páistí ar bís le foghlaim óna gcóitseálaithe. Rinne na páistí druileanna spraíúla, agus gníomhaíochtaí simplí ag díriú ar pasáil láimhe, ciceáil agus obair foirne. Bhí daltaí […]
Comórtas Mumaí
-
By: Ross Banahan
-
October 26, 2025
Ghlac Rang 3 Ross páirt i gcomórtas sa seomra ranga. . Bhain gach duine an-taitneamh as. Oíche Shamhna shona daoibh go léir!
Mórshiúl na Samhna
-
By: anichearnaigh
-
October 24, 2025
Bhí lá iontach ag na páistí go léir inniu agus iad gléasta suas. Maith sibh uilig.
Turgnamh le Skittles
-
October 24, 2025
Ghlac rang Fionnuala páirt i dturgnamh eolaíochta an tseachtain seo. Bhain siad úsáid as uisce te agus Skittles. Bhí siad ag breathnú ar na dathanna álainn ag teacht amach ar an bpláta. Rinne siad an-obair go deo!
Emma Duggan – Self Help Africa
-
By: anichearnaigh
-
October 17, 2025
Bhronn páistí na scoile €1,130 ar Emma Duggan do Self Help Africa. Tá sí fíorbhuíoch as na tuismitheoirí go léir.
Spike Lego i Rang Liam agus Niamh
-
By: Niamh de Brún
-
September 29, 2025
Tá Rang 5 Liam agus Rang 6 Niamh ag baint an-taitneamh as Spike Lego i mbliana. Bhí an t-ádh orainn gur cheannaigh ár scoil ocht mbosca Spike Lego do na daltaí. Tá na páistí i Rang Liam agus Niamh gnóthach ag tógáil agus ag códú mar chuid de STEM.


