-
By: Pádraig DeRoiste
-
March 2, 2025
An Brat Gníomhach – D’ardaigh an t-Aoi speisialta Logan an Brat Gníomhach . Logan an Laoch
A chairde, táimid bailithe le chéile inniu chun ócáid speisialta a cheiliúradh – ardú an bhrat gníomhaíochta i nGaelscoil Thulach na nÓg. Is siombail é an brat seo ar ár obair chun ghníomhaíochtaí spóirt, cultúrtha agus pobail a chur chun cinn. Léiríonn sé an sár-obair agus an spiorad iontach atá le feiceáil inár scoil. Táimid bródúil as an méid atá bainte amach againn go dtí seo agus táimid ag súil le tabhairt faoi tuilleadh gníomhaíochtaí spreagúla amach anseo.
Is clár é an Brat Gníomhach a thugann aitheantas do scoileanna a spreagann gníomhaíochtaí agus corp-oideachais i measc pobal na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo páistí a spreagadh chun bheith níos gníomhaí agus níos sláintiúla trí rannpháirtíocht i siamsaíochtaí éagsúla cosúil le spóirt, damhsa, agus cluichí fisiciúla.
Sos gníomhach( Senan) 2
D’eagraigh muid sosanna gníomhaíocha chun deis a thabhairt do na páistí briseadh a fháil agus tabhairt faoi gníomhaíocht sláintiúil. Le linn an tsosa seo, ghlacamar páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla cosúil le cluichí spraíúla, rith timpeall, agus damhsa. Chuidigh an sos gníomhach seo lenár sláinte, ag tabhairt deis dúinn díriú níos fearr ar an obair ranga. Spreagadh sé spraoi agus sláinte i measc na bpáistí ar fad
Rith Timpeall na hEorpa ( James 3)
Rinneamar “Rith Timpeall na hEorpa.” ritheamar timpeall clóis na scoile, ag déanamh taifead ar an achar a thaisteal muid gach lá. Cahbraigh an rith seo le feabhas a chur ar ár bhfolláine agus cur lenár eolas ar thíreolaíocht na hEorpa.
Spraoi (Maia 4)
Bhí an-spraoi agus craic ag na páistí agus iad ag glacadh páirt. Ghlac siad páirt i gcluichí spraíúla, rith timpeall, agus comórtais. Bhí gáire le cloisteáil ar fud na clóis scoile. Chuir na gníomhaíochtaí seo le cairdeas agus le spiorad scoile, ag cruthú cuimhní cinn iontacha do gach duine.
Ceannairí clós( Sam 5)
Glacann na daltaí atá mar ceannairí clós freagracht as gníomhaíochtaí agus imeachtaí sa chlós scoile. Léiríonn siad dea-shampla de na páistí eile agus cabhraíonn siad le múinteoirí atmaisféar dearfach agus gníomhach a chruthú. Cuid de na ndualgas atá acu ná cluichí a thosnú, cabhrú le daltaí níos óige, agus a chinntiú go bhfuil gach duine páirteach agus ag baint taitneamh as an am sa chlós.
Suirbhé (Jack 6)
Rinneamar suirbhéanna le linn an bhrat ghníomhaíochta agus d’fhoghlaim muid roinnt rudaí tábhachtacha:
Fuaireamar amachcén spórt a dhéannann na páistí agus freisin conas a dtagann siad ar scoil
Tríd is tríd, bhí an próiseas suirbhéanna an-luachmhar agus chabhraigh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais agus mianta na bpáistí agus na múinteoirí.
Ceard iad na spoirt a rinneamar (Siún 7)
Le linn an bhrat ghníomhaíochta, ghlacamar páirt i réimse leathan spóirt. I measc na spóirt a rinneamar bhí:
Peil:
Cispheil:
Rith:
Lúthchleasaíocht:
Cluichí traidisiúnta:
Iománaíocht
Sacair
Galf
Cor
Rith
Hula hoops
Oíche shamhna
Rith timpeall na hÉireann
Rith timpeall na hEorpa
Damhsa
Solas dearg solas glas
Rás
Rás bacannai
Gleacaíocht
Dreapadh ar na ballaí
Rugbaí Laighean
Cycle right
Rinne Tír na nóg marcaíocht capall, snámh agus cuairteanna chuig an páirc spraoi.
Bhí an-spraoi againn agus bhí gach duine páirteach,
Cur i lathair ( Éabha 8)
Le linn an chur i láthair don brat gníomhach, d’fhoghlaimíomar conas is féidir linn a bheith níos aclaí. d’fhoghlaimíomar freisin conas plean a chruth agus obair mar fhoireann. Chuireamar béim dhá rud – sin spraoi agus sláinte
Sadhbh ( Poppy)
Sadhbh, ár Múinteoir dochreidthe , d’éirigh léi an brat gníomhach a eagrú go i mbliana. Bhí sí mar phríomhfhórsa taobh thiar den tionscadal, ag cinntiú go raibh gach rud ag dul ar aghaidh go réidh agus go raibh na páistí ag baint taitnimh as na gníomhaíochtaí. Scríobh sí na siúrbhéanna go léir, ag déanamh cinnte go raibh siad soiléir agus éifeachtach chun aiseolas a bhailiú ó na páistí agus na múinteoirí.
Ní amháin gur eagraigh sí an brat gníomhach, ach ghlac sí páirt ghníomhach i ngach céim den phróiseas. Bhí sí i gcónaí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus chun tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí agus na daltaí. Chuir sí béim ar an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí fisiciúla agus conas is féidir leo cur le folláine iomlán na bpáistí.
Conor 10
Chomh maith leis sin, d’eagraigh Sadhbh imeachtaí speisialta chun an brat gníomhach a cheiliúradh,. Bhí sí i gcónaí ag smaoineamh ar bhealaí nua chun an tionscadal a fheabhsú agus a dhéanamh níos taitneamhaí do gach duine. Bhí a cuid oibre crua ach tá toradh le feiceáil go soiléir i ngach rud a rinne sí.
Táimid fíorbhuíoch as an obair iontach a rinne Sadhbh agus as an tionchar dearfach a bhí aici ar ár scoil. Gan í, ní bheadh an brat gníomhach chomh rathúil agus atá sé inniu. Go raibh míle maith agat, Sadhbh!
Buiochas (Willow 11)
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Máistir Seán, Sadhbh, an fhoireann agus an bord bainistíochta , daltaí na scoile agus na tuismitheoirí as a dtacaíocht . Tá obair crua le feiceáil go soiléir i ngach rud a rinneamar.. Go raibh míle maith agaibh! Anois Beidh Logan ag ardú an Brat