-
By: Pádraig DeRoiste
-
April 6, 2025
Stair le linn Seachtain na Gaeilge
Le linn Seachtain na Gaeilge, bhí tionscadal staire ar siúl i nGaelscoil Thulach na nÓg. Bhí sé iontach mar chuir na daltaí a lán oibre isteach ann. D’fhoghlaim siad faoi stair na hÉireann, An Domhain agus faoi Bhia agus rinne siad taispeántais iontacha a léirigh a gcuid eolais.
Bhí an tionscadal staire an-rathúil. Ghlac go leor dalta páirt ghníomhach ann agus bhí an t-atmaisféar sa scoil lán le fuinneamh . Bhí na múinteoirí agus na tuismitheoirí an-bhródúil as an obair a rinne na daltaí agus bhí an pobal scoile an-tógtha leis na taispeántais.
Ní hamháin go raibh an tionscadal staire rathúil, ach bhí sé an-suimiúil freisin. D’fhoghlaim na daltaí faoi imeachtaí tábhachtacha i stair agus rinne siad taighde ar dhaoine cáiliúla. Bhí an tionscadal seo ina dheis iontach chun an Ghaeilge a úsáid agus a chleachtadh i gcomhthéacs staire.
Tá Ard moladh tuillte ag gach dálta a ghlac páirt ann.