-
By: Niamh de Brún
-
May 26, 2025
Rang 6 sa Ghaeltacht!
Bhí am iontach againn sa Ghaeltacht an tseachtain seo chaite! D’imigh muid go Coláiste Chamuis i Ros a Mhil agus bhí am den scoth againn.
Chaitheamar dhá lá ann. D’fhánamar i dteach ár mBean an Tí. Bhíomar ag fanacht i dTí Áine, Chaitlin, Khathy, Brídín Noel agus Antoinette. Fuaireamar an bus go dtí an choláiste gach maidin. Bhí an t-ádh orainn mar bhí an ghrian ag scoilteach na gcloch.
D’imíomar ar shiúlóid go Túr Martello ar an gcéad lá- bhí na radharcanna go hálainn. Bhí béile álainn againn sa teach agus bhí céilí dubh agus bán againn.
An lá dár gcionn, bhíomar gnóthach. Rinneamar ceardlann ar sean-nós, dramaíocht, aireachais agus aclaíocht. Fuaireamar an bus go Eile Mental freisin. Bhíomar sa phortach agus bhí sé ar fheabhas. An oíche sin, chuireamar ár ngeansaithe Co. na Mí agus Baile Átha Cliath orainn agus bhíomar réidh don chéilí. Bhí banna ceoil beo ann agus bhaineamar an-taitneamh as.
Bhí am iontach againn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a bhí linn.
ó Rang 6 Múinteoir Niamh













