-
By: Niamh de Brún
-
November 14, 2025
Peil le Lochlann, Caragh agus Daniel!
Dia dhaoibh ó Lochlann, Daniel agus Caragh. Bhí cluichí an-deacair againn suas go dtí an cluiche ceannais. Bhí an chéad cluiche le haghaidh na buachaillí agus na caillíní in aghaidh Gaelscoil Droichead Átha. Bhí cluiche iontach ag gach duine ach faoi deireadh, sleamhnaigh an cluiche as lámha an foireann eile i gcluiche na mbuachaillí agus gcaillíní agus bhuaigh muid.
Tar éis é sin bhí a lán cluichí againn, ach an cluiche a sheasann amach ná cluiche na mbuachaillí in aghaidh an Scoil Naisúinta [Naomh Peadar]. Bhuaigh na caillíní ach bhí na buachaillí ag cailúint. Mar sin, rinne Niamh an cinneadh Logan ó rang Thónaí a chuir ar an bpáirc. Tháinig sé ar agus fuair sé 3 chúl, agus shábháil sé an cluiche! Sa 9ú nóiméad deireanach sa chluiche leath cheannais na gcaillíní in aghaidh St Olivers, fuair st Olivers cúl. Bhí muid poinnte amháin síos. Ní raibh ach dhá nóiméad fágtha. Ach ansin fuair muid cúl, shéidigh an réiteoir an fhéadóg, bhí an bua againn!
Anois tá muid ag ullmhú don chraobh. Tá muid ag traenáil gach uair atá an pháirc ar oscailt. Táimid chun caint foirne a fháil ó Dhonagh agus táimid chun dul amach agus ár seacht ndicheall a dhéanamh. Tá muid ag tnúth go mór leis an cluiche ceannais.
Beidh an cluiche ceannais ar siúl ar an Domhnach 23ú mí na Samhna i dTrim GAA ag 9.30 agus 10.40! Bígí linn!!


