-
By: Pádraig DeRoiste
-
February 16, 2026
Comórtas Ficheall
Bhí comórtas ficheall ar siúl sa scoil ar an 29ú Eanáir agus ba ócáid an-spéisiúil é do na daltaí ar fad. Ghlac 120 scoláire páirt ann, idir bhuachaillí agus chailíní, ó ranganna éagsúla. Bhí an comórtas eagraithe sa halla mór, agus bhí atmaisféar ciúin dírithe le mothú ann agus na himreoirí ag smaoineamh go géar ar a gcéad ghluaiseacht eile.
Bhí na cluichí an-iomaíoch agus chonacthas scileanna iontacha ó na rannpháirtithe. Bhí Múinteoir Colleen agus Barbara i láthair chun maoirseacht a dhéanamh agus chun a chinntiú go raibh na rialacha á leanúint i gceart.
. Bhain gach duine taitneamh as an gcomórtas, agus dúradh go mbeidh ceann eile ar siúl arís an bhliain seo chugainn. Bhí sé ina dheis iontach do dhaltaí a gcuid scileanna smaointeoireachta agus foighne a fhorbairt.
Bhí Gaelscoil Thulach na nÓg , Scoil Mhuire Naofa Kiltale, Dunboyne SNS, Scoil Olibhéir Naofa agus Gaelscoil na Ríthe páirteach sa lá


