-
By: Pádraig DeRoiste
-
February 16, 2026
Cóineartú
Bhí coineartú speisialta ar siúl i nDún Bóinne an Satharn seo caite . Tháinig clann, cairde agus comharsana le chéile sa séipéal chun tacú leis na páistí , óRang Niamh agus rang Pádraig ,a bhí ag fáil an tsacraimint.
Bhí na páistí gléasta go néata agus bhí sceitimíní orthu don lá mór. Ghlac siad páirt sa tseirbhís le paidreacha, agus chan an cór cúpla amhrán álainn. Sheinn Múinteoir Liam agus Múinteoir Colleen an ceol leis an gcór . Bhí an sagart , Fr Ó Connor, Easpag na Mí Tom Dinneen agus Fr Kevin Heery an-deas leo agus labhair sé faoin tábhacht a bhaineann leis an gcreideamh agus leis an bpobal.
Tar éis an tsearmanais, chuaigh na teaghlaigh abhaile nó go bialanna áitiúla chun ceiliúradh a dhéanamh. Bhí bia blasta agus ceol ann, agus bhain gach duine taitneamh as an ócáid speisialta seo i nDún Bóinne. Bhí sé ina lá cuimhneacháin do na páistí agus dá muintir.
Gabhaimid buíochas as Máistir Seán , Fr Declan, Múinteoir Niamh , Múinteoir Pádraig , Barbara, Ciara , Laura , Múinteoir Liam agus Múinteoir Colleen agus an sagart , Fr O Connor, Easpag na Mí Tom Dinneen agus Fr Kevin Heery.


